May 26 2011

Uachtarán Mheiricea in Éirinn

Published by under Uncategorized and tagged: ,

Tháinig Barack Obama uachtarán Mheiricea ar chuairt go hÉirinn agus cé nach raibh sé anseo ach ar feadh lae ba mhór an ócáid í. Cuireadh fáilte mhór chroíúil roimhe agus is cinnte gur bhain sé taitneamh as an tréimhse gearr a chaith sé anseo. Bhlas sé pionta Guinness i Muine Gall i gCo. Uibh Fháilí agus bhí an-chraic aige le muintir na háite. Thug sé óráid spreagúil agus corraitheach do mhuintir na hÉireann i bhFaiche an Choláiste i mBaile Átha Cliath. Mhol sé an ionspioráid a thug an tír bheag seo do thír chomh mór le Meiricea. Rinne sé tagairt do chruachás eacnamaíochta na tíre ach bhí sé cinnte go sárófaí iad má chloímid leis an mana “Is féidir linn!”

*Pictiúr ó www.nuacht24.com

Comments Off on Uachtarán Mheiricea in Éirinn

May 26 2011

Banríon Eilíse in Éirinn

Published by under Uncategorized and tagged: , ,

Tháinig Banríon Eilíse agus a fear chéile an Prionsa Pilib go hÉirinn i lár Mí Mheithimh agus chuir muintir na hÉireann céad míle fáilte rompu. Chaith siad ceithre lá sa tír agus ba mhór agus ba stairiúil an ocáid í. Níor tháinig rí nó banríon Shasanach go dtí an tír seo le céad bliain de bharr na dtrioblóidí i dTuaisceart na hÉireann agus an oidhreacht phianmhar atá idir an dá tír. Rinne sí óráid iontach inar chuir sí béim ar an gcairdeas idir Sasana agus Éire agus inar léirigh sí áiféala go raibh stair na dtíortha chomh tubaisteach sin. Mhol sí próiseas na síochána. D’ardaíodh meanma na tíre le linn a cuairte agus moladh an bhanríon agus a fear chéile go spéir. Táthar ag súil cheana féin go dtiocfaidh siad ar ais am éigin sa todhchaí.

*Pictiúr ó www.nuacht24.com

Comments Off on Banríon Eilíse in Éirinn

May 26 2011

Jedward sa Chomórtas Eoraifíse 2011

Published by under Uncategorized and tagged: , ,

Ghlac an cúpla cáiliúil John agus Edward Grimes páirt sa Chomórtas Eoraifíse le déanaí ar son na hÉireann. Bhíothas ag súil go mbeadh an bua acu leis an amhrán “Lipstick” ach faraor ní raibh. Ghnóthaigh siad an t-ochtú áit áfach agus bhí muintir na hÉireann an-bhrodúil astu agus a gcuid gruaige craiceáilte!

*Pictiúr ó www.nuacht24.com

Comments Off on Jedward sa Chomórtas Eoraifíse 2011

Mar 29 2011

Léirsithe sa Libia

Published by under Uncategorized

Tá léirsithe frithrialtais ar bun sa Libia faoi láthair. Tá saighdiúirí Gadaffi agus na reibilliúnaithe ag troid go fíochmhar sa tír. Tá an tír ina cíor thuathail agus tá comhghuaillithe ó na Náisiúin Aontaithe ann anois chun an foréigean a chur faoi smacht.

Comments Off on Léirsithe sa Libia

Mar 29 2011

Tubaiste sa tSeapáin

Published by under Uncategorized

Tharla tubaiste uafásach sa tSeapáin ar an 11 Márta nuair a bhuail crith talún agus súnámaí oirthear na tíre dé hAoine. De réir na figiúirí tá deich míle marbh agus tá na mílte fágtha gan dídean sa tír. Meastar go bhfuil luach 170 billiún dollar de dhamáiste déanta don tír cheana féin. Rinneadh damáiste ollmhór don ghléasra núicléach Fukushima ag an am agus agus tá imní mhór faoin ngléasra anois agus an bhagairt núicléach tá ag baint leis. Tá tréaniarrachtaí ar bun ag innealtóirí tubaiste núicléach a sheachaint. Tá siad ag iarraidh na himoibreoirí ag an ngléasra a fhuarú. Bogadh ochtó míle duine as an réigiún ina bhfuil an stáisiún núicléach. Tuairscítear anois áfach go bhfuil eisilteach núicléach tar éis sní isteach sa thalamh máguaird.

Comments Off on Tubaiste sa tSeapáin

Sep 10 2010

Bua Cáiliúil ag Tiobraid Árann

Published by under Uncategorized

Cé go raibh Corn Liam Mhic Cárthaigh i seilbh Chill Chainnigh le ceithre bliana níor éirigh leo an corn a thabhairt abhaile i mbliana. Bhí an lá ag Tiobraid Árann. Throid Tiobraid Árann go dian ón dtús ach ní raibh ach pointe amháin idir na foirne ag leath ama. Fuair Chill Chainnigh an chéad scór sa dara leath agus bhí an cuma ar an scéal go raibh Cill Chainnigh tar éis a gcuid misnigh a fháil arís ach fuair Tiobraid Árann dhá chúl tapaidh agus lean siad ar aghaidh chun deireadh a chur le curiarracht Chill Chainnigh, cúig chomórtas iomána a bhaint. Tá ainm úr ar chorn Liam Mhic Cárthaigh anois.

Comments Off on Bua Cáiliúil ag Tiobraid Árann

Jul 12 2010

An Corn Domhanda

Published by under Uncategorized

Bhuaigh foireann na Spáinne an Corn Domhanda den chéad uair riamh. Bhí an Corn Domhanda ar siúl i mbliana san Afraic Theas agus bhí an bua ag an Spáinn ar an Ísiltír sa chluiche ceannais. Scóráil Andres Iniesta cúl an bhua in am breise. Bhí an comórtas an-taitneamhach cé go rabhamar bodhraithe ag fothram na mílte vuvuzela á séideadh ó thús deireadh gach cluiche!

Comments Off on An Corn Domhanda

Jun 21 2010

Coimhlint i bhFine Gael

Published by under Nuacht and tagged: ,

D’fhógair Richard Bruton nach raibh muinín aige as Enda Kenny mar cheannaire an pháirtí agus chuige sin go raibh sé féin chun cur isteach ar cheannaireacht an pháirtí. Bhris Kenny é óna áit ar bhinse tosaigh an pháirtí ach thacaigh naonúr le Bruton. Sa deireadh, níor éirigh le Bruton mar bhí tromlach an pháirtí ag tacú le Kenny agus tá sé ina cheannaire fós ar Fhine Gael.

Comments Off on Coimhlint i bhFine Gael

Jun 03 2010

Géarchéim na Gréige

Published by under Nuacht and tagged: , ,

Tá geilleagar na Gréige i ndrochchaoi ar na laethanta seo mar tá fiacha ollmhóra ag an tír agus níl siad ábalta íoc astu. Tá an tír beagnach banc-bhriste. Caithfidh an tAontas Eorpach teacht i gcabhair ar an dtír anois le pacáiste cúnaimh don Ghréig. Tá an cinneadh seo conspóideach ach tá gá leis chun an Euro a chosaint.

Comments Off on Géarchéim na Gréige

Jun 02 2010

Páirc Aviva

Published by under Nuacht and tagged: , ,

Osclaíodh an pháirc nua darb ainm “Aviva Stadium” ar an gceathrú lá déag de mhí na Bealtaine. Tá sé lonnaithe ar an suíomh ina raibh staid Bhóthar Lansdúin tráth. Dúnadh an tseanpháirc ar Bhóthar Lansdúin i 2006. Tá spás do 50,000 de lucht féachana sa pháirc seo. Bhí foireann rugbaí agus foireann sacar na hÉireann ag imirt a gcuid cluichí i bPáirc an Chrócaigh fad is a bhí an pháirc nua á tógáil.

Comments Off on Páirc Aviva

Next »