Jun 21 2010

Fadhbanna Daoine Óga

Published by

Cad iad na fadhbanna a bhíonn ag daoine óga sa lá atá inniu ann?     Éist leis!

Tá a lán fadhbanna ag daoine óga sa lá atá inniu ann. Mar shampla fadhbanna scrúduithe, fadhb an óil agus fadhbanna drugaí.

  • Ar an gcéad dul síos tá fadhbanna scrúduithe ann. Tá a lán brú ar dhaoine óga sa lá atá inniu ann maidir le scrúduithe. Tá córas na bpointí an-dian ar dhaoine óga dar liom.
  • Ar an dara dul síos tá fadhbanna óil ann. Is cinnte go bhfuil daoine óga ag ól an iomarca ar na laethanta seo. Uaireanta casann siad ar alcól mar bhealach éalaithe ó strus an tsaoil ach uaireanta casann siad ar alcól mar go mbíonn brú orthú óna gcairde.
  • Níos measa ná fadhb an alcóil tá fadhb na ndrugaí. Uaireanta glacann daoine óga drugaí mar bhealach éalaithe ó strus an tsaoil agus uaireanta glacann daoine óga drugaí chun triail a bhaint astu. Is olc an scéal é nuair a bhíonn duine óg tugtha do dhrugaí mar go minic scriosann siad saol an duine sin.

GLUAIS:

  • Casann siad ar = they turn to
  • Bealach éalaithe = means of escape
  • Strus an tsaoil = the stress of life
  • Tugtha do = addicted to
  • Triail a bhaint as = to try it
  • Scriosann siad = they destroy

Comments Off on Fadhbanna Daoine Óga




Comments are closed at this time.