Jun 21 2010

Cúrsaí Gaeilge

Published by

Cad a cheapann tú faoi do chúrsa Gaeilge?      Éist leis!

Is breá liom mo chúrsa Gaeilge mar tá sé an-taitneamhach. Tá athrú mór tagtha ar an gcúrsa le déanaí mar tá níos mó béime anois ar labhairt na teanga. Ceapaim gur maith an rud é sin. 

Cén scéal próis is fearr leat?     Éist leis!

Is fearr liom an scéal “Fiche Bliain ag Fás” mar baineann an scéal sin le saolta daoine óga sa lá atá inniú ann fiú. Tá íomhá na beirte buachaillí sa teach tabhairne an-ghreannmhar.

Cén dán is fearr leat?     Éist leis!

Is fearr liom an dán Jack gan dabht. Tá sé go deas rómánsúil. Tá an cur síos ar Jack an-taitneamhach agus cuireann an dán áthas orm nuair a léim é.

An ndeachaigh tú go dtí an Ghaeltacht riamh?     Éist leis!

Cinnte, chaith mé tréimhse trí seachtaine sa Ghaeltacht cúpla bliain ó shin agus bhain mé an-taitneamh as. Bhí mé ag fanacht le cúpla dalta eile i dteach cois farraige. Bhí bean an tí an-chairdiúil agus an-chineálta linn. Bhí mé uaigneach ar dtús ach ansin chuir mé aithne ar a lán daoine agus bhí an-chraic agam. Bhíodh ranganna Gaeilge againn gach maidin. Rinneamar comhrá agus amhránaíocht sna ranganna seo. Bhíodh cluichí againn ar an trá um thráthnóna agus gach oíche bhíodh céilí againn dár ndóigh. Bhí na múinteoirí an-dáiríre faoi labhairt na Gaeilge agus éinne a labhair Béarla ar bith cuireadh abhaile iad. Chuir mé feabhas ar mo chuid Gaeilge dá bharr.

GLUAIS:

  • Athrú = change
  • Le déanaí = lately
  • Béim = emphasis
  • Baineann sé le = it is associated with
  • Íomhá = image
  • Tréimhse = a period of time
  • Feabhas  = improvement
  • Amhránaíocht = singing

No responses yet




Trackback URI | Comments RSS

Leave a Reply

You must be logged in to post a comment.