Jun 21 2010

An Todhchaí

Published by

Cad a dhéanfaidh tú an bhliain seo chugainn?     Éist leis!     

Tá súil agam freastal ar an ollscoil an bhliain seo chugainn agus cúrsa teangacha a dhéanamh. Is breá liom Fraincis agus Spáinnis ar scoil agus tá mé go maith chucu. Tá ceithre céad seachtó pointe ag teastáil don chúrsa sin agus táim cinnte go bhfaighidh mé an méid sin mar táim ag staidéar go dian. Táim tar éis iarratas a chur isteach ar chúrsa teangacha i gColáiste na Tríonóide. Maireann an cúrsa sin ceithre bliana.

Cad a dhéanfaidh tú leis an gcéim sin?     Éist leis!

Ba mhaith liom bheith i m’aistritheoir mar is aistritheoir í m’aintín agus tá post iontach aici leis an Aontas Eorpach sa Bhruiséil. Taitníonn an post go mór léi agus tá na coinníollacha oibre go maith. Tá an tuarastal go maith freisin. Chaith mé coicís in oifig m’aintín mar thaithí oibre san Idirbhliain agus chonaic mé saol an aistritheora. Chinntigh an taithí sin dom gur mhaith liom bheith i m’aistritheoir.

Cad a dhéanfá muna bhfaighfeá na pointí?     Éist leis!

Bheinn brónach dár ndóigh muna bhfaighinn na pointí don chúrsa i gColáiste na Tríonóide ach tá iarratais curtha isteach agam ar chúrsaí teangacha in ollscoileanna eile. Mar sin gheobhainn áit in ollscoil éigin eile.

GLUAIS:

  • Tá súil agam = I hope
  • go maith chuige = good at it
  • An méid sin = that amount
  • Iarratas = an application
  • Innealltóireacht = engineering
  • Maireann sé = it lasts
  • Coinníollacha oibre = work conditions
  • Tuarastal = salary
  • Coicís = fortnight

Comments Off on An Todhchaí




Comments are closed at this time.