Jun 21 2010

An Scoil

Published by

Inis dom faoi do scoil  Éist leis!

Scoil Eoin is ainm do mo scoilse. Scoil mheasctha is ea í agus tá timpeall sé chéad dalta ann. An tUasal de Brún is ainm don phríomhoide agus tá a lán oibre déanta aige ar son na scoile. Tá áiseanna den scoth againn. Tá halla spóirt, saotharlann, leabharlann, bialann agus a lán seomraí éagsúla sa scoil. Tá páirceanna imeartha againn lasmuigh den scoil freisin. Bíonn atmaisféar iontach in ár scoil i gcónaí agus tá caighdeán acadúil an-ard againn. Tá béim mhór ar chúrsaí spóirt sa scoil agus is breá liom é sin.

Cad iad na hábhair a dhéanann tú ar scoil?        Éist leis!

Déanaim Gaeilge dár ndóigh, Béarla, Mata, Fraincis, Spáinnis, Tír Eolaíocht agus Stair. Is fearr liom an Fhraincis mar is breá liom teangacha. Ba mhaith liom dul ag taisteal timpeall an domhain sa todhchaí. Is fuath liom Mata mar níl mé go maith chuige. Ceapaim go bhfuil sé an-chasta agus an-deacair. Ní féidir liom rudaí mar ailgéabar a thuiscint ar chor ar bith!

Cad iad rialacha na scoile?         Éist leis!

Cé go bhfuil a lan rialacha in ár scoil tá siad féaráilte dar liom. Tá cosc ar thabac agus alcól. Níl cead againn an scoil a fhágáil i rith an lae. Níl cead againn gnáthéadaí a chaitheamh ar scoil. Caithimid bheith istigh sa scoil ar a cúig chun a naoi ar maidin mar bíonn tionól againn gach maidin. Má bhriseann tú na rialacha tugtar rabhadh duit ar dtús agus ansin má bhriseann tú arís iad cuirfear pionós ort. Ní bhfuair mé pionós riamh buíochas le Dia.

GLUAIS:

  • Measctha = mixed
  • Áiseanna = facilities
  • Caighdeán acadúil = academic standard
  • Ábhar = subject
  • Ag taisteal = travelling
  • Sa todhchaí = in the future
  • An-chasta = very difficult
  • Ailgéabar = algebra
  • Cosc = ban/prohibited
  • Tionól = assembly
  • Rabhadh = warning
  • Pionós = punishment

No responses yet




Trackback URI | Comments RSS

Leave a Reply

You must be logged in to post a comment.