Jun 21 2010

An Córas Oideachais

Published by

Cad a cheapann tú faoin gcóras oideachais?     Éist leis!

Deirtear go bhfuil caighdeán maith oideachais sa tír seo agus is maith an rud é sin.   Tá múinteoirí den scoth againn agus tá a lán acmhainní ar fáil dúinn idir acmhainní teicneolaíochta, acmhainní léitheoireachta agus modhanna taistil.

Tá lochtanna ag baint leis an gcóras oideachais áfach. Deirtear nach bhfuil na torthaí mata ró-mhaith agus tá córas na bpointí an-dian ar dhaoine óga.

Cad a cheapann tú faoi chóras na bpointí?     Éist leis!

Ceapaim go bhfuil córas na bpointí an-dian ar dhaoine óga agus uaireanta ní bhíonn daoine áirithe oiriúnach don chúrsa a fhaigheann siad. B’fhéidir go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh agallamh riachtanach do gach iarrthóir freisin.

Dá mbéifeá i d’Aire Oideachais cad a dhéanfá?     Éist leis!

 Dá mbeinnse i m’Aire Oideachais dhéanfainn iarracht córas na bpointí a fheabhsú mar tá lochtanna ag baint leis an gcóras sin dar liom.

Ní thabharfainn isteach táillí don oideachas tríú leibhéal mar níl siad féaráilte do dhaoine bochta.

Chuirfinn níos mó airgid ar fáil do bhunscoileanna mar tá bunscoileanna áirithe sa tír seo ag titim anuas.

GLUAIS:

  • Caighdeán = standard
  • Den scoth = excellent
  • Acmhainní = resources
  • Lochtanna = flaws
  • Torthaí = results
  • Oiriúnach = suitable
  • Agallamh = interview
  • Riachtanach = compulsory
  • Iarrthóir = candidate
  • Aire Oideachais = minister for Education
  • Táillí = fees
  • A fheabhsú = to improve

No responses yet




Trackback URI | Comments RSS

Leave a Reply

You must be logged in to post a comment.