Jun 21 2010

Na Meáin Chumarsáide

Published by

An bhféachann tú ar an teilifís go minic?     Éist leis!

Níl a lán ama agam faoi láthair chun bheith ag féachaint ar an teilifís mar táim ag staidéar agus b’fhéidir gur maith an rud é sin mar caithim an iomarca ama ag féachaint ar an teilifís. Is breá liom cláracha spóirt agus chaithfinn gach uile nóiméad ag féachaint ar chluichí dá mbeadh an seans agam. Anois caithfidh mé na cluichí a thaifead agus féachaint orthu san oíche nuair atá m’obair bhaile déanta agam.

 

An maith leat scannáin?     Éist leis!   

Is breá liom scannáin go háirithe scannáin ghrinn. Is é an scannán is fearr liom ná “Some like it hot”. Is seanscannán claisiceach é ach tá sé greannmhar fós. Bím i gcónaí sna tríthí ag féachaint air. Is í an t-aisteoir is fearr liom ná Reece Witherspoon. Bhain sí clú agus cáil amach sa scannán “Legally Blonde” agus bhuaigh sí Oscar dá páirt sa scannán “Ring of Fire”. Téim go dtí an phictiúrlann chomh minic agus is féidir liom agus faighim físeáin go minic freisin.

An dtaitníonn an léitheoireacht leat?     Éist leis!

Taitníonn an léitheoireacht go mór liom ach faraor caithim an chuid is mó den am ag léamh téacsleabhair ar na laethanta seo mar tá an Ardteist ag druidim liom. Is breá liom leabhair le Ruth Gilligan mar baineann siad le saolta daoine óga. Léim an nuachtán go minic freisin mar tá suim agam i gcúrsaí reatha. Caithfidh mé a admháil go bhfuil an-dúil agam in irisleabhair freisin mar tá sé éasca iad a léamh.

GLUAIS:

  • An iomarca = too much
  • A thaifead = to record
  • Sna tríthí = in the stitches
  • Clú agus cáil = fame
  • Faraor = unfortunately
  • Téacsleabhair = textbooks
  • Ag druidim liom = approaching
  • Cúrsaí reatha = current affairs
  • Caithfidh mé a admháil = I have to admit
  • Tá an-dúil agam = I am really into

Comments Off on Na Meáin Chumarsáide




Comments are closed at this time.