Jun 08 2010

Faoin Suíomh

Published by

Seo suíomh idirlín atá dírithe ar lucht na hArdteiste ach bheadh sé ina chabhair do lucht an Teastais Shóisearaigh freisin. Beidh béim mhór ar labhairt na teanga sa mheánscoil as seo amach toisc go mbeidh méadú ar líon na marcanna atá ag gabháil don Bhéaltriail. Tá súil agam go mbeidh an suíomh seo tairbheach do dhaltaí chuige sin.

Léirítear freagraí samplacha ar thopaicí éagsúla sa suíomh seo chun go mbeidh daltaí in ann a bhfreagraí féin a chumadh. Chomh maith leis sin tugtar treoracha do thionscadail ríomhaireachta sa suíomh seo. Léirítear físeáin agus nascanna do shuíomhanna idirlín freisin chun an Ghaeilge labhartha a chloisteáil.

I dteannta leis sin chruthaigh mé blag ar an leathanach baile do dhaltaí na Béaltrialach chun go mbeadh fóclóir ar fáil i gcónaí acu ar chúrsaí reatha.

Sábháilteacht ar an Idirlíon

No responses yet




Trackback URI | Comments RSS

Leave a Reply

You must be logged in to post a comment.