Jun 21 2010

Laethanta Saoire

Published by

Cá ndeachaigh tú ar do laethanta saoire an bhliain seo caite?      Éist leis!

Chaith mé coicís sa Fhrainc le mo chlann. Fuaireamar teach saoire ar cíos i gceantar Bordeaux. B’iontach an áit í. Bhí na radharcanna tíre dochreidte agus ní rabhamar ach cúig nóiméad ón bhfarraige. Bhí an aimsir go hiontach mar sin chaitheamar a lán ama amuigh faoin aer. Chaith mé an chuid is mó den am ag snámh san fharraige agus ag imirt leadóige ar an trá le mo chlann. San oíche bhíodh béile mór againn le chéile. Bhí mo mháthair ar muin na muice ag cócaireacht le bia blasta na Fraince agus bhí m’athair an-sásta le fíon na Fraince! Bhuail mé lena lán daoine óga san áit agus mar sin bhí seans agam mo chuid Fraincise a chleachtadh. Chuir mé feabhas ar mo chuid Fraincise dá bharr. Táim beagnach líofa anois!

Cá rachaidh tú ar do laethanta saoire an bhliain seo chugainn?     Éist leis!

Tá sé beartaithe agam dul go dtí an Spáinn ar feadh seachtaine le mo chairde scoile go díreach tar éis na hArdteiste. Beidh sos tuillte agam tar éis na scrúduithe go léir. Beidh craic againn gan dabht. Níos déanaí sa Samhradh, beidh mé ag dul go Meiriceá ar feadh coicíse le mo chlann. Ní raibh mé i Meiriceá riamh mar sin táim ag tnúth go mór leis. Beimid ag taisteal ar chósta thiar Mheiriceá ag blaiseadh saol na Stát Aontaithe ar an mbealach.

GLUAIS:

  • Teach saoire = holiday home
  • Ar cíos = for rent
  • Dochreidte = unbelievable
  • Tá sé beartaithe agam = I intend to
  • Tuillte = deserved/earned
  • Ag tnúth go mór leis = looking forward to it
  • Ag blaiseadh = tasting
  • Ag taisteal = travelling

Comments Off on Laethanta Saoire




Comments are closed at this time.