Archive for the 'Nuacht' Category

Jun 21 2010

Coimhlint i bhFine Gael

Published by under Nuacht

D’fhógair Richard Bruton nach raibh muinín aige as Enda Kenny mar cheannaire an pháirtí agus chuige sin go raibh sé féin chun cur isteach ar cheannaireacht an pháirtí. Bhris Kenny é óna áit ar bhinse tosaigh an pháirtí ach thacaigh naonúr le Bruton. Sa deireadh, níor éirigh le Bruton mar bhí tromlach an pháirtí ag tacú le Kenny agus tá sé ina cheannaire fós ar Fhine Gael.

Comments Off on Coimhlint i bhFine Gael

Jun 03 2010

Géarchéim na Gréige

Published by under Nuacht

Tá geilleagar na Gréige i ndrochchaoi ar na laethanta seo mar tá fiacha ollmhóra ag an tír agus níl siad ábalta íoc astu. Tá an tír beagnach banc-bhriste. Caithfidh an tAontas Eorpach teacht i gcabhair ar an dtír anois le pacáiste cúnaimh don Ghréig. Tá an cinneadh seo conspóideach ach tá gá leis chun an Euro a chosaint.

Comments Off on Géarchéim na Gréige

Jun 02 2010

Páirc Aviva

Published by under Nuacht

Osclaíodh an pháirc nua darb ainm “Aviva Stadium” ar an gceathrú lá déag de mhí na Bealtaine. Tá sé lonnaithe ar an suíomh ina raibh staid Bhóthar Lansdúin tráth. Dúnadh an tseanpháirc ar Bhóthar Lansdúin i 2006. Tá spás do 50,000 de lucht féachana sa pháirc seo. Bhí foireann rugbaí agus foireann sacar na hÉireann ag imirt a gcuid cluichí i bPáirc an Chrócaigh fad is a bhí an pháirc nua á tógáil.

Comments Off on Páirc Aviva

May 30 2010

An Comórtas Eoraifíse 2010

Published by under Nuacht

Faraor níor éirigh ró-mhaith linn sa chomórtas Eoraifíse 2010. Chan Niamh Kavanagh an t-amhrán “It’s for you” sa chomórtas ach ní bhfuair sí ach cúig phointe is fiche. Bhuaigh Niamh an comórtas Eoraifíse sa bhliain 1993 leis an amhrán “In Your Eyes” ach ní raibh an t-ádh léi an uair seo. Bhuaigh an Ghearmáin i mbliana leis an amhránaí álainn Lena.

Comments Off on An Comórtas Eoraifíse 2010

Apr 24 2010

Bolcán na hÍoslainne

Published by under Nuacht

Tá bolcán san Íoslainn ag brúchtaíl aníos faoi láthair. Cuireann sé luaith san aer agus tá an t-aer truaillithe dá bharr. Ní féidir le heitleán dul san aer mar déanann an luaith seo damáiste don inneall. Tá rí rá ar siúl sna haerfoirt mar tá eitiltí curtha ar ceal go dtí go bhfuil an luaith imithe.

Comments Off on Bolcán na hÍoslainne