May
26
2011
Tháinig Barack Obama uachtarán Mheiricea ar chuairt go hÉirinn agus cé nach raibh sé anseo ach ar feadh lae ba mhór an ócáid í. Cuireadh fáilte mhór chroíúil roimhe agus is cinnte gur bhain sé taitneamh as an tréimhse gearr a chaith sé anseo. Bhlas sé pionta Guinness i Muine Gall i gCo. Uibh Fháilí agus bhí an-chraic aige le muintir na háite. Thug sé óráid spreagúil agus corraitheach do mhuintir na hÉireann i bhFaiche an Choláiste i mBaile Átha Cliath. Mhol sé an ionspioráid a thug an tír bheag seo do thír chomh mór le Meiricea. Rinne sé tagairt do chruachás eacnamaíochta na tíre ach bhí sé cinnte go sárófaí iad má chloímid leis an mana “Is féidir linn!”
*Pictiúr ó www.nuacht24.com
May
26
2011
Tháinig Banríon Eilíse agus a fear chéile an Prionsa Pilib go hÉirinn i lár Mí Mheithimh agus chuir muintir na hÉireann céad míle fáilte rompu. Chaith siad ceithre lá sa tír agus ba mhór agus ba stairiúil an ocáid í. Níor tháinig rí nó banríon Shasanach go dtí an tír seo le céad bliain de bharr na dtrioblóidí i dTuaisceart na hÉireann agus an oidhreacht phianmhar atá idir an dá tír. Rinne sí óráid iontach inar chuir sí béim ar an gcairdeas idir Sasana agus Éire agus inar léirigh sí áiféala go raibh stair na dtíortha chomh tubaisteach sin. Mhol sí próiseas na síochána. D’ardaíodh meanma na tíre le linn a cuairte agus moladh an bhanríon agus a fear chéile go spéir. Táthar ag súil cheana féin go dtiocfaidh siad ar ais am éigin sa todhchaí.
*Pictiúr ó www.nuacht24.com
May
26
2011
Ghlac an cúpla cáiliúil John agus Edward Grimes páirt sa Chomórtas Eoraifíse le déanaí ar son na hÉireann. Bhíothas ag súil go mbeadh an bua acu leis an amhrán “Lipstick” ach faraor ní raibh. Ghnóthaigh siad an t-ochtú áit áfach agus bhí muintir na hÉireann an-bhrodúil astu agus a gcuid gruaige craiceáilte!
*Pictiúr ó www.nuacht24.com
Mar
29
2011
Tá léirsithe frithrialtais ar bun sa Libia faoi láthair. Tá saighdiúirí Gadaffi agus na reibilliúnaithe ag troid go fíochmhar sa tír. Tá an tír ina cíor thuathail agus tá comhghuaillithe ó na Náisiúin Aontaithe ann anois chun an foréigean a chur faoi smacht.
Mar
29
2011
Tharla tubaiste uafásach sa tSeapáin ar an 11 Márta nuair a bhuail crith talún agus súnámaí oirthear na tíre dé hAoine. De réir na figiúirí tá deich míle marbh agus tá na mílte fágtha gan dídean sa tír. Meastar go bhfuil luach 170 billiún dollar de dhamáiste déanta don tír cheana féin. Rinneadh damáiste ollmhór don ghléasra núicléach Fukushima ag an am agus agus tá imní mhór faoin ngléasra anois agus an bhagairt núicléach tá ag baint leis. Tá tréaniarrachtaí ar bun ag innealtóirí tubaiste núicléach a sheachaint. Tá siad ag iarraidh na himoibreoirí ag an ngléasra a fhuarú. Bogadh ochtó míle duine as an réigiún ina bhfuil an stáisiún núicléach. Tuairscítear anois áfach go bhfuil eisilteach núicléach tar éis sní isteach sa thalamh máguaird.
Sep
10
2010
Cé go raibh Corn Liam Mhic Cárthaigh i seilbh Chill Chainnigh le ceithre bliana níor éirigh leo an corn a thabhairt abhaile i mbliana. Bhí an lá ag Tiobraid Árann. Throid Tiobraid Árann go dian ón dtús ach ní raibh ach pointe amháin idir na foirne ag leath ama. Fuair Chill Chainnigh an chéad scór sa dara leath agus bhí an cuma ar an scéal go raibh Cill Chainnigh tar éis a gcuid misnigh a fháil arís ach fuair Tiobraid Árann dhá chúl tapaidh agus lean siad ar aghaidh chun deireadh a chur le curiarracht Chill Chainnigh, cúig chomórtas iomána a bhaint. Tá ainm úr ar chorn Liam Mhic Cárthaigh anois.
Jul
12
2010
Bhuaigh foireann na Spáinne an Corn Domhanda den chéad uair riamh. Bhí an Corn Domhanda ar siúl i mbliana san Afraic Theas agus bhí an bua ag an Spáinn ar an Ísiltír sa chluiche ceannais. Scóráil Andres Iniesta cúl an bhua in am breise. Bhí an comórtas an-taitneamhach cé go rabhamar bodhraithe ag fothram na mílte vuvuzela á séideadh ó thús deireadh gach cluiche!