Jun 21 2010
Mé Féin
Inis dom faoi do chlann Éist leis!
Tá cúigear i mo chlann ar an iomlán: mé féin, mo dheartháir Liam, mo dheirfiúr Róisín agus mo thuismitheoirí. Is é Liam an duine is sine agus is í mise an duine is óige. Tá Liam fiche sé bliain d’aois agus tá sé ag obair i gcomhlacht ríomhaireachta anseo i mBaile Átha Cliath. Bhog sé amach as an teach cúpla mí ó shin agus bhí mé sásta a sheomra a fháil. Tá Róisín ag freastal ar an ollscoil i gCorcaigh agus braithim uaim í. Tá cúrsa ealaíne á dhéanamh aici. Is innealtóir é m’athair agus is dochtúir í mo mháthair. Réitim go maith le mo theaghlach ach uaireanta bímid ag troid faoi na gnáthrudaí.
Inis dom faoi do cheantar Éist leis!
Táim i mo chónaí i nGlas Naíon i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath agus is breá liom an ceantar. Is áit ghleoite í agus tá na háiseanna ar fheabhas. Tá páirc, ollscoil, scoileanna den scoth, siopaí agus Gáirdín Náisiúnta na Lus ann. D’fhás mo dhaid suas sa cheantar seo mar sin tá a lán gaolta timpeall orm. Tá clubanna éagsúla do dhaoine óga sa cheantar freisin agus táim féin i mo bhall de chlub camógaíochta. Tá an pháirc thíos an bóthar uaim mar sin tá sé an-áisiúil dom.
GLUAIS:
- Bhog sé amach = He moved out
- Braithim uaim í = I miss her
- Réitím go maith leis = I get on well with him
- Na gnáthrudaí = the usual things
- Gleoite = pretty
- Den scoth = excellent
- Gaolta = relations
- Ball = member
- An-áisiúil = very handy
Leave a Reply
You must be logged in to post a comment.