Jun 21 2010

Mé Féin

Published by

Inis dom faoi do chlann         Éist leis!  

Tá cúigear i mo chlann ar an iomlán: mé féin, mo dheartháir Liam, mo dheirfiúr Róisín agus mo thuismitheoirí. Is é Liam an duine is sine agus is í mise an duine is óige. Tá Liam fiche sé bliain d’aois agus tá sé ag obair i gcomhlacht ríomhaireachta anseo i mBaile Átha Cliath. Bhog sé amach as an teach cúpla mí ó shin agus bhí mé sásta a sheomra a fháil. Tá Róisín ag freastal ar an ollscoil i gCorcaigh agus braithim uaim í. Tá cúrsa ealaíne á dhéanamh aici. Is innealtóir é m’athair agus is dochtúir í mo mháthair. Réitim  go maith le mo theaghlach ach uaireanta bímid ag troid faoi na gnáthrudaí.

Inis dom faoi do cheantar        Éist leis!

Táim i mo chónaí i nGlas Naíon i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath agus is breá liom an ceantar. Is áit ghleoite í agus tá na háiseanna ar fheabhas. Tá páirc, ollscoil, scoileanna den scoth, siopaí agus Gáirdín Náisiúnta na Lus ann. D’fhás mo dhaid suas sa cheantar seo mar sin tá a lán gaolta timpeall orm. Tá clubanna éagsúla do dhaoine óga sa cheantar freisin agus táim féin i mo bhall de chlub camógaíochta. Tá an pháirc thíos an bóthar uaim mar sin tá sé an-áisiúil dom.

GLUAIS:

  • Bhog sé amach = He moved out
  • Braithim uaim í = I miss her
  • Réitím go maith leis = I get on well with him
  • Na gnáthrudaí = the usual things
  • Gleoite = pretty
  • Den scoth = excellent
  • Gaolta = relations
  • Ball = member
  • An-áisiúil = very handy

No responses yet




Trackback URI | Comments RSS

Leave a Reply

You must be logged in to post a comment.