Jun
21
2010
D’fhógair Richard Bruton nach raibh muinín aige as Enda Kenny mar cheannaire an pháirtí agus chuige sin go raibh sé féin chun cur isteach ar cheannaireacht an pháirtí. Bhris Kenny é óna áit ar bhinse tosaigh an pháirtí ach thacaigh naonúr le Bruton. Sa deireadh, níor éirigh le Bruton mar bhí tromlach an pháirtí ag tacú le Kenny agus tá sé ina cheannaire fós ar Fhine Gael.
Jun
03
2010
Tá geilleagar na Gréige i ndrochchaoi ar na laethanta seo mar tá fiacha ollmhóra ag an tír agus níl siad ábalta íoc astu. Tá an tír beagnach banc-bhriste. Caithfidh an tAontas Eorpach teacht i gcabhair ar an dtír anois le pacáiste cúnaimh don Ghréig. Tá an cinneadh seo conspóideach ach tá gá leis chun an Euro a chosaint.
Jun
02
2010
Osclaíodh an pháirc nua darb ainm “Aviva Stadium” ar an gceathrú lá déag de mhí na Bealtaine. Tá sé lonnaithe ar an suíomh ina raibh staid Bhóthar Lansdúin tráth. Dúnadh an tseanpháirc ar Bhóthar Lansdúin i 2006. Tá spás do 50,000 de lucht féachana sa pháirc seo. Bhí foireann rugbaí agus foireann sacar na hÉireann ag imirt a gcuid cluichí i bPáirc an Chrócaigh fad is a bhí an pháirc nua á tógáil.
May
30
2010
Faraor níor éirigh ró-mhaith linn sa chomórtas Eoraifíse 2010. Chan Niamh Kavanagh an t-amhrán “It’s for you” sa chomórtas ach ní bhfuair sí ach cúig phointe is fiche. Bhuaigh Niamh an comórtas Eoraifíse sa bhliain 1993 leis an amhrán “In Your Eyes” ach ní raibh an t-ádh léi an uair seo. Bhuaigh an Ghearmáin i mbliana leis an amhránaí álainn Lena.
Apr
24
2010
Tá bolcán san Íoslainn ag brúchtaíl aníos faoi láthair. Cuireann sé luaith san aer agus tá an t-aer truaillithe dá bharr. Ní féidir le heitleán dul san aer mar déanann an luaith seo damáiste don inneall. Tá rí rá ar siúl sna haerfoirt mar tá eitiltí curtha ar ceal go dtí go bhfuil an luaith imithe.