Archive for May, 2011

May 26 2011

Uachtarán Mheiricea in Éirinn

Published by under Uncategorized

Tháinig Barack Obama uachtarán Mheiricea ar chuairt go hÉirinn agus cé nach raibh sé anseo ach ar feadh lae ba mhór an ócáid í. Cuireadh fáilte mhór chroíúil roimhe agus is cinnte gur bhain sé taitneamh as an tréimhse gearr a chaith sé anseo. Bhlas sé pionta Guinness i Muine Gall i gCo. Uibh Fháilí agus bhí an-chraic aige le muintir na háite. Thug sé óráid spreagúil agus corraitheach do mhuintir na hÉireann i bhFaiche an Choláiste i mBaile Átha Cliath. Mhol sé an ionspioráid a thug an tír bheag seo do thír chomh mór le Meiricea. Rinne sé tagairt do chruachás eacnamaíochta na tíre ach bhí sé cinnte go sárófaí iad má chloímid leis an mana “Is féidir linn!”

*Pictiúr ó www.nuacht24.com

Comments Off on Uachtarán Mheiricea in Éirinn

May 26 2011

Banríon Eilíse in Éirinn

Published by under Uncategorized

Tháinig Banríon Eilíse agus a fear chéile an Prionsa Pilib go hÉirinn i lár Mí Mheithimh agus chuir muintir na hÉireann céad míle fáilte rompu. Chaith siad ceithre lá sa tír agus ba mhór agus ba stairiúil an ocáid í. Níor tháinig rí nó banríon Shasanach go dtí an tír seo le céad bliain de bharr na dtrioblóidí i dTuaisceart na hÉireann agus an oidhreacht phianmhar atá idir an dá tír. Rinne sí óráid iontach inar chuir sí béim ar an gcairdeas idir Sasana agus Éire agus inar léirigh sí áiféala go raibh stair na dtíortha chomh tubaisteach sin. Mhol sí próiseas na síochána. D’ardaíodh meanma na tíre le linn a cuairte agus moladh an bhanríon agus a fear chéile go spéir. Táthar ag súil cheana féin go dtiocfaidh siad ar ais am éigin sa todhchaí.

*Pictiúr ó www.nuacht24.com

Comments Off on Banríon Eilíse in Éirinn

May 26 2011

Jedward sa Chomórtas Eoraifíse 2011

Published by under Uncategorized

Ghlac an cúpla cáiliúil John agus Edward Grimes páirt sa Chomórtas Eoraifíse le déanaí ar son na hÉireann. Bhíothas ag súil go mbeadh an bua acu leis an amhrán “Lipstick” ach faraor ní raibh. Ghnóthaigh siad an t-ochtú áit áfach agus bhí muintir na hÉireann an-bhrodúil astu agus a gcuid gruaige craiceáilte!

*Pictiúr ó www.nuacht24.com

Comments Off on Jedward sa Chomórtas Eoraifíse 2011