Jun 09 2010

Tionscadail

Published by

Tionscadal Ríomhaireachta 1: Cruthaigh píosa raidió nó teilifíse

Dá mbeadh daltaí in ann iad féin a chloisteáil ag labhairt na Gaeilge nó iad féin a fheiceáil fiú i gcomhrá Gaeilge bheadh léargas níos doimhne acu ar a gcumas labhartha. Tugtar treoracha do dhaltaí sa tionscadal seo conas iad féin a thaifead mar phíosa fuaime nó mar phíosa físeáin. Is í an aidhm atá leis seo ná go bhféadfadh daltaí an léiriú a scrúdú go géar féachaint an bhféadfaidís a gcuid Gaeilge a fheabhsú.

Píosa a ullmhú

Scriobh píosa faoi ábhar éigin. Déan cleachtadh ar an bpíosa a léamh cúpla uair. Ansin déan an píosa a thaifead don raidió no don teilifís.

Píosa a thaifead don Raidió.

1. Is féidir an píosa a thaifead le Sound Recorder ar Microsoft Windows.

2. Caithfidh tú micreafón a úsáid. B’fhéidir go bhfuil micreafón i do ríomhaire cheana féin. Muna bhfuil ceannaigh ceann i siopa ríomhaireachta, níl siad daor. Micreafón

3. Aimsigh Sound Recorder. Cliceáil ar Programs, Accessories, Entertainment, Sound Recorder.

4. Nuair atá an Sound Recorder ar oscailt ar do ríomhaire is féidir leat an píosa a thaifead.

5. Léigh amach an píosa go soiléir os comhair an mhicreafóin.

6. Nuair atá do phíosa léite agat cliceáil ar File agus ansin ar Save As.

7. Sábháil do phíosa fuaime.

8. Chun an fhuaim a sheinnt, cliceáil ar an bpíosa agus seinn i Windows Media Player é.

Píosa a thaifead don Teilifís

1. Tá cúpla slí chun é seo a dhéanamh. Is féidir an píosa a thaifead sa tseandóigh ar cheamara analóg agus é a sheinnt ar theilifís nó is féidir an píosa a thaifead ar cheamara digiteach agus é a sheinnt ar ríomhaire.

2. Léigh amach an píosa go soiléir don cheamara.

3. Nuair a dhéanann tú é a thaifead ar cheamara digiteach íoslódáil an píosa go dtí do ríomhaire.

4. Chun an píosa físeáin a sheinnt, cliceáil ar an bpíosa agus seinn i Windows Media Player é.

Tionscadal Ríomhaireachta 2: Cruthaigh do Bhlag féín

Mar is eol do chách is áis reatha é an “Blag” anois agus dá bhrí sin táim ag súil go mbeidh daltaí in ann a mblaganna féin a chruthú bunaithe ar a gcuid ullmhúcháin don Bhéaltriail.

Blag a chruthú

Téigh go dtí suíomh idirlín do bhlaganna mar shampla www.wordpress.com

Lean na treoracha tugtha ar an suíomh chun do bhlag féin a chruthú.

  1. Líon isteach na sonraí riachtanacha username, password, e-mail address, blog domain, blog title.
  2. Cuirfear ríomhphost chugat chun do bhlag a chur i ngníomh.
  3. Tosaigh ag obair ar do bhlag. Is féidir do phróifíl phearsanta féin a chruthú ar dtús.
  4. NB: BÍ CÚRAMACH GAN SONRAÍ PEARSANTA A NOCHTADH GO POIBLÍ. NÁ NOCHTAIGH DO SHLOINNE, DO SHEOLADH, DO PHICTIÚR, DO RÍOMHPHOST  NÓ D’UIMHIR THEILEAFÓIN.

Sa bhlag seo is féidir leat scríobh faoi do chaitheamh aimsire, an ceol is fearr leat, an spórt is fearr leat, d’uaillmhianta, do laethanta saoire agus a lán eile. Líon isteach do bhlag go rialta mar chuid den ullmhúchán don Bhéaltriail.

Comments Off on Tionscadail




Comments are closed at this time.