Jun 21 2010

Caitheamh Aimsire

Published by

An imríonn tú spórt?            Éist leis!

Is breá liom spórt mar sin caithim a lán ama ag imirt spóirt. Imrím camógaíocht le m’fhoireann áitiúil agus imrím cruicéad le foireann na scoile. Is mise an captaen ar m’fhoireann camógaíochta agus táim an-bhrodúil gur roghnaigh an traenálaí mé. Táim an-dáiríre faoin dualgas sin agus déanaim mo dhícheall i gcónaí treoracha maithe a thabhairt do m’fhoireann. Is cúlaí mé agus oireann an áit sin dom mar táim láidir. Bím ag traenáil dhá oíche sa tseachtain agus bíonn cluiche agam ar an Satharn.  Imrítear cruicéad in ár scoil i dtéarma an tSamhraidh agus taitníonn sé go mór liom. Imrímid don spraoi agus ní ghlacaimid páirt i gcomórtas ar bith. Chomh maith leis sin is breá liom bheith ag snámh go háirithe sa Samhradh.

Cén saghas ceoil is fearr leat?        Éist leis!

Is breá liom ceol go háirithe rac-cheol. Éistim le m’ipod ar mo bhealach ar scoil gach lá. Ligim mo scíth san oíche le píosa ceoil. Is breá liom bheith ag éisteacht leis na hamhráin sna cairteacha den chuid is mó. Is fearr liom an grúpa U2 thar aon ghrúpa eile. Chonaic mé iad i gceolchoirm i bPáirc an Chrócaigh cúpla bliain ó shin agus bhí siad ar fheabhas. Táim an-tógtha leo ó shin.

An seinneann tú uirlis ceoil?       Éist leis!

Seinnim an pianó. Táim ag seinm ó bhí mé seacht mbliana d’aois. Seinnim ceol clasaiceach den chuid is mó. Tá grád a seacht bainte amach agam. Bím ag cleachtadh ar feadh uair a chloig ar a laghad gach uile lá. Seinnim i gceolfhoireann na scoile agus bainim an-taitneamh as sin.

GLUAIS:

  • Áitiúil = local
  • Roghnaigh sé = he chose
  • Dáiríre = serious
  • Treoracha = guidance
  • Oireann sé dom = it suits me
  • Spraoi= fun
  • go háirithe = especially
  • Ligim mo scíth = I relax
  • Cairteacha = charts
  • Tógtha le = fond of

No responses yet




Trackback URI | Comments RSS

Leave a Reply

You must be logged in to post a comment.